We’ve updated our Terms of Use to reflect our new entity name and address. You can review the changes here.
We’ve updated our Terms of Use. You can review the changes here.

Incantation of F​é​ile​-​Flow Funk

by Súil Amháin

/
  • Streaming + Download

    Includes unlimited streaming via the free Bandcamp app, plus high-quality download in MP3, FLAC and more.
    Purchasable with gift card

      €1 EUR  or more

     

about

Liricí le Súil Amháin
Bantum a léirigh

lyrics

(A Chlann Míle
Sinne Tuatha Dé Danann
Táimid ag éileamh ár dtailte thar n-ais
Táimid ag tabhairt an chac so thar n-ais
Go dtí na Liosanna
Is na Ráthanna
Is na Dúnta
Athghabháil na hÉireann
In ainm Funk, a bhits!)

Dia linn is Muire
Ná habair a thuilleadh
Ná tagair im choinne
Tá an Funk ag teacht x2

Ná bí i do théanam abhaile fós
Sin rud ná déanfaidh an gnó
Fan inti go maidin
Lig do scíth, bí bí
Ar do sháimhín só
Ceann ina roithleagán ró
Ag ól gloine prosecco
Muran sa dig bhig [deoch beag] atá do spéis
Seo chugat blúire beag den Lemon Haze
Nuair a bhímid in airde láin
Bíonn an smúit ag éirí den urlár
Ó mháithreacha an tí
Suas go dtí an chloch phréacháin
Aon diabhal duine ag gearrán
Fiú Máire Ní hÓgáin
Tá sí 'amuigh chuige'
Ag casadh timpeall ar chuma súgáin.

Mo léan géar
Go raibh NCT agat ar maidin
Mo léan géar
Go raibh Safepass agat ar maidin
Mo léan géar
Go raibh Móin le baint agat ar maidin
Ach bhuail tú suas leis an gcrowd úd thíos sa Lios.

Buachaillín bán
Ar an móinteán
'Lorg a cháin
I Ladhar a' Chrompáin
Beag beann ar na Gardaí Síochána
Dúidín mór groí de scoth an Mharijuana
Istigh i gcairt Feistí
Sin í mo bhesty
Má ólaim fuiscí
Beadsa frisky
Trí sraoth - is beidh tú scubtha ag an slua sí
Sin é mar a bhíonn sé leis an bhfeen so ó Lios T, uh!

Táim ag ciorrú na slí
I lár na hoíche duibhe
D'iarchailín ag fiafraí ceisteanna gramadaí
Im leoithne gaoithe
Ag clúdach a cuid dearúdtaí
Ansan ag peddle-áil abhaile
Imithe le gealaigh
Ar chuma E.T. (Téanam!)
Nú go dtitfidh orm ceo sí.
(Seo leat a bhuachaill)

Dia linn is Muire
Ná habair a thuilleadh
Ná tagair im choinne
Tá an Funk ag teacht

(Éiríg a Mhiléisians
Agus Éistíg an FUNK).

credits

released September 15, 2021

license

all rights reserved

tags

about

Súil Amháin

contact / help

Contact Súil Amháin

Streaming and
Download help

Report this track or account

If you like Súil Amháin, you may also like: