We’ve updated our Terms of Use to reflect our new entity name and address. You can review the changes here.
We’ve updated our Terms of Use. You can review the changes here.

O​í​che Mhaith

by Súil Amháin

/
  • Streaming + Download

    Includes high-quality download in MP3, FLAC and more. Paying supporters also get unlimited streaming via the free Bandcamp app.
    Purchasable with gift card

      name your price

     

about

Bantum a léirigh


Cheapas na véarsaí seo do Mham. Seo ceann fé lasadh na tine.
I wrote these verses in memory of Mam. A song about lighting the fire.

lyrics

'Oíche Mhaith'

Ba mhinic dom ag gabháil an tsráid seo
Ag siúl abhaile is mo cheann dea-bhearrtha
Boladh na móna ag sileadh ón simné
Barra na gcluas fuar - 1.5 ar an dá thaobh
Chomh luath a bhínn istigh, is é do léirmheas a gheobhainnse
Cé méid a thugais air -féachann tú níos óige
Ar mhaith leat braon té? - ba mhaith, táim starváltha
(Camá ná beinn– an baladh ón mbagún is gobáiste)
Cogar ón raidio ag trácht ar thubaistí i gcéin
Ag scaipeadh scéalta mar thine aitinn ar chliathán sléibhe
Ach fiú an deireadh an domhain, ní bheadh ann, ach ráfla baoth,
Le coimeád eadrainn féin, sa tearmann so id theannta
Bhíos slán sábhálta, bean eile sa tsaol, ní thógfadh d’áitse.

Níos déanaí sna déagaibh rómhinic a dheineas turas céanna
Gan aon chois fúm, boladh a’ vadca ag sileadh uaim
Dá mbeadh lasán age duine, raghainn suas ar chuma Thing Quang Duch
Nílimse ag magadh chút – bhíos im scot - flaming ag an ndeoch so
Is a thuilleadh desna nimheanna a dh’fhágann inár saol an iomad struis
Gan teacht anuas ar na turaiseanna go léir a bhí gafa soir agat go Holyhead,
Clann óg ar do bhaclainn
Anois, an ollphiast mhallaithe chéanna ag éirí as bolg d’aonmhic
Cad é sin mar bhuíochas? an tAddiction ag briseadh tré shúilibh an chait
I bhfáinne fí, ag titim isteach, os do chomhair amach, mór an Náire,
Oíche Fhéile Pádraig, Im Chrom Dubh ar maidin, bhí focal agat liom is ní go tláith
Rudaí ná féadfainn a rá gan oiread deor a shileadh is a líonfadh Poll a’ Phúca
Thuigis na buanna ‘gus na laigí go léir a bhí chomh doimhin sin ionainne
Ró-ábalta sinn a léamh chomh soiléir le torthaí scrúdaithe
Peas teip nó éacht, bhí an taobh cheart i gcónaí ann de scéal
Ach é a lorg....Is é an taobh cheart den scéal so atá agam á lorg....

(A’ bhfeadairís....)

Now I could by like grá mór to all of ye who remember
The sauna temperature of the stove in November
Ag faire ar Eastenders, with the soundest lady in the land
Ban-Naomh Cille Mantáin with the cupa tae in the hand
Ach dá ndéanfainn san, do bheinn ag insint éithigh
Anocht tá an saol is a mháthair dubh dorcha
Tá an tinteán istigh chomh fuar le sioc
Is níl éinne faram
Ag agairt orm gan bheith ag cuimhneamh
Ar na haon rud a thit amach
Ar gach aon uile feall agus faillí sa tsaol
Na hamanna go léir
Ná dúrt leat go rabhas buíoch
As na hamanna go léir
A d’fhreagair tú agus mé ag glaoch

(Táim ag glaoch...)

Ach i dtóin an mhála so
There’s a ball of caoráns
Baileod le chéile iad
Déanfad burla
De pháipéirí nuachtáin
Agus féach - cúpla firelighter
Táim chomh seiftiúil le MacGyver.
Is táim chun é a lasadh aríst
An grá so gan teorainn
An grá so gan choinníoll
An grá so lasfad
Is é an grá (é) a bhronnais orainn a mhnaoi
Agus suífead fé mar a dhéanfá
Ag faire ar thinte na síoraíochta
Chomh socair le Sakymuni
Cúpla smeachán den phíp
Agus chun m’aingeal coimhdeachta in airde
Guífeadsa.

Oíche mhaith
Oíche mhaith
Oíche mhaith

Céad míle fáilte romhat
Céad míle fáilte romhat

credits

released December 15, 2021

license

all rights reserved

tags

about

Súil Amháin

contact / help

Contact Súil Amháin

Streaming and
Download help

Report this track or account

If you like Súil Amháin, you may also like: