We’ve updated our Terms of Use to reflect our new entity name and address. You can review the changes here.
We’ve updated our Terms of Use. You can review the changes here.

Viva Liobarnach

by Súil Amháin

/
  • Streaming + Download

    Includes high-quality download in MP3, FLAC and more. Paying supporters also get unlimited streaming via the free Bandcamp app.
    Purchasable with gift card

      name your price

     

about

Viva Liobarnach - Súil Amháin (léirithe ag Bantum)

Ceol: Bantum
Focail: Súil Amháin
Taifead glóir: Tejo

lyrics

Liricí:

Viva Liobarnach!

Le fáinne geal an lae ní bhead fhéin ag éirí as an gcnaiste,
I mo scraiste gan mhaíomh, i mo shuí chomh déanach ó oíche aréir
Ceapann na comharsain béaldoiris gur mochóirí mé.
Timpeall am eatarthu, cuirim an mhéar fhada ar an gcnaipe suain
Snooze cúig neomat (ar feadh cúig uair an chloig) - Inis Tuaisceart ina steillbheathaidh.
Rap ar an ndoras ag dul síos go tóin poill m'fhochomhfheasa
Ar chuma pléascáin ag macallú i dtír iasachta (mo bheart ón Ísiltír is dócha)
Ardfhear é fear a' phóist, fágann rudaí is buaileann bóthar.
Am mhairbh na hoíche, an uair a bhím beo,
Stella Artois as babhla Louis Mulcahy agam á ól
'Seanchainteoirí' ar fud an tí ag déanamh gleo
Táimse i mo chodladh ní theastaíonn uaim bheith woke.
Ansan ag Faobhar an Lae éirím like Gearóid Iarla,
Gan agam á chaitheamh ach dryrobe fuaireas ar líne,
Dom aintín Mary dá lá breithe, (ach toisc go raibh na haon rud eile
Salach, beidh orm ceann eile dhi a cheannach).

Stíl saoil spéisiúil is ea é seo, ag casadh coincíní daoine uaisle
Le boladh lofa an tSaibhris óm dheireadh thiar like Lynx,
Fuck Peterson, ní dhéanfad mo leaba go deo aríst,
I'm a bowsy chomh bougie le TD
(Teaspach an Diabhail) ag tarrac leasa shóisialaigh
Saor ó karma toisc a laghad atá ar siúl
A oiread seanbheatha ag fás im chistin chúil athuair
Gur ceantar é ar fiú a chaomhnú
Ar mhaithe le bheith bithéagsúil.

Seo é, tá buaite againn ar an saol!
Níl ach oideas bídh amháin de dhíth orainn: an t-aer!
Agus béiltí trí chúrsa – à la cárta creidmheasa, à la cárta creidmheasa!

Ní fhaca an ghrian le trí lá
Ní fhaca an ‘féisín’ seo ag fás
Ní fhaca snas ag teacht ar na mugaí
An bhfuil agat aon lasán?

Viva Liobarnach!



'Féisín':
sin focal a chuala ag mo Nana, féasóg bheag ghioblach gan dealramh is brí leis.

credits

released January 27, 2021

license

all rights reserved

tags

about

Súil Amháin

contact / help

Contact Súil Amháin

Streaming and
Download help

Report this track or account

If you like Súil Amháin, you may also like: