Includes unlimited streaming via the free Bandcamp app, plus high-quality download in MP3, FLAC and more.
Purchasable with gift card
€1EUR or more
about
Lá Breá - Súil Amháin
Bantum a léirigh
Buíochas mór ó chroí le
Áine Ní Chíobháin a stiúraigh
Ferg Flannery a mhaisigh
Garsún Eo a thaifead an glór
Ealaín na Gaeltachta a thug tacaíocht
agus Rút Ní Mhurchú a shiúil an trá!
lyrics
Liricí:
Ardaíonn tú mé níos airde ná Cnoc Bréanainn
Mo chosa ina jelly agus tagann orm saothar
Mo chosa ina jelly is mé ag siúl led thaobh
Lig dom bheith agat im lá breá a chailín bán.
Is geall le haer úr na farraige do chuideachta a bhaby
Is ní hé go bhfuil tú fuar ach te ar chuma braon tae
Láidir ionat féin, gan aon chúram do shiúcra, rómhilis sin cheana féin
Dá mba mhaith leat milseacht sa mbreis,
Ní dhéanfadh aon ní eile an bheart
Ach mil na mbeach aibí mar taoi nádúrtha
I do chuid meala ba mhian liom a bheith clúdaithe
Mise Jimmy do Mhíle Stór ag filleadh fé dheoidh.
Is mó áit a dtabharfá mé ar turaiseanna lae
Diail an bhean chun dinnseanchais, ní baol dom riamh dul ar strae
Is é do phaiste dúchais féinig é i ndeireadh an lae
Is níl aon teora leis sin (fad is (gurb) ann is a mhairfirse a Bhé)
Braithim im aoi speisialta sa dúthaig seo
(Like Bitcoin) mo stór focal ag éirí níos luachmhaire
Leatsa (ní chaithim mo shaol a roinnt níos mó)
Is ar chlos duit mo chuid radaireacht
Déarfá rud éigin ar nós:
'Breá bog ar na maidí a bhuachaill
Tánn tú ábhairín liobarnach'
Is tá san ok abair agus saghas fíor
Ach nach cuma, mór le maíomh
An méid sin de threoir a bheith agam in aon chor
Im shaol a bhí chun oilc nú gur ghaibheas
thairis an gConair chút siar
Bhogais mé is an saol ag breith cruaidh
Anois cruann mé is mé fachta bog (haha)
Táim fé chleasa troma draíochta
Cad a chuiris im chíste?
Nú an b'ea d'ólas braon den sáspan dubh?
Mar do leanfainn tú mar a leanfadh an fháinleog an dea-uain
Leanfainn tú mar a leanfadh sceartáinín eireaball uain
Im chrá aoibhinn (is aoibhinn liom bheith od' chrá)
Le téacsanna lán do ráiméis agus pictiúirí le captions gan dealramh thíos fé laidhc:
'Bhraitheas sexy b'fhéidir go scriosfad so níos déanaí...'
Á ná ligfeá dhom a bheith agat im lá breá
Ar feadh stáir mhóir ghroí a chailín bán?
Níl póg níos deise ná do Bhéal Bán
Is tá a thuilleadh díot uaim ag Tráigh an Fhíona
Id fhochair, is Cloichear, a bhímse, agus féach
Mar a rithim le dúil síos do Choim Uí Neol.
An bóthar ó thuaidh is an cóngar aduaidh
An bóthar ó thuaidh is an cóngar aduaidh
N'fheadar mar gheall ar an lá amárach
Ach anocht tá mo chroí tuaisceartach
Ag braistint mór timpeall
Iarthar Duibhneach
Absolutely love that deep concertina sound. And the range of expression that Cormac brings out through this instrument, well beyond the intentions of the designers or makers of these instruments. And, feel sorry for his poor bellows and reeds. He has to do a lot of personal repair on them. Cormac's album design and presentation are beautiful works of art as well. See him in concert if you can. You can really feel those bass notes resonate through a hall. balinsky
Her voice is a beautiful instrument, listen you'll see what I'm taking about Great beats, melodies. Not just a great Rap/ Hip Hop album, great album period. BetoR
HI,The first track and sound I heard was enough for me to get whole album Raw honest,goose bumps live sound, fantastic reels ,to dance Sean nos. Dave Suffolk Uk ps if have,listen on a blue tooth speaker ,this is even more amazing.pps Have listen more ofCormac music and feel the instrument when played becomes a living entity . 13844