Includes unlimited streaming via the free Bandcamp app, plus high-quality download in MP3, FLAC and more.
Purchasable with gift card
€1EUR or more
about
Seo í Aisling Fhéile. A Vision of the Feale.
prod. Bantum
ealaíon: Amelia
lyrics
'Aisling Fhéile'
(i)
Ó fuaireas an bheart chruaidh seo le réiteach - táim gan suan gan scíth
A Shí-bhean na hÉigse, mo mhuintir féin, tá siad fé Dhaorbhroid aríst
Do thána chúgat inniubh chun do chabhair a iarraidh
Mar níl rapper eile sa Mumhain atá leath chomh cloíte
Leatsa i ngrá mar atáimse a stuaire cailín
Táim ag fanacht le tú a fheiscint ó bhíos im bhuachaillín
Thíos ar bhruach na habhann ag ól stáin, is ag tógaint speed
Is ag bruíon le strúinséirí le línn ráiseanna Lios T.
Ní fhoghlaimíos an cheird seo in aon leabhar scoile
Ní chaitheas 'grade' riamh ar í a mhealladh
Ní dhódh Sheikh a leithéid seo de bhreosla
Níl rapper eile sa Mumhain a ghránn í chomh mór ó bhí Eoghan Rua...
Mise an t-oidhre
A dúisíodh as taibhreamh
An file is gile radharc
A dhéanfadh riamh í a adhradh
Ach mo léan géar go bhfuil buairt ar mo chroí
Cím ainnir ag teacht sa ród
Ach n'fheadarsa cé hí?....
(Mise Sruth Féile
Mise Sruth Féile
Mise Sruth Féile)
(ii)
Ní ghéillfead-sa orlach
Táimse ró-mhórtaiseach
Teaspach gan dúchas
Ach táim ábalta é a iompar
Tá clann na sean-mhuintire go léir taobh thiar dom
Tuigeann siad an gnó, más dóigh leat, gur féidir mé a leagadh - fan go fóill.
Táim á dhéanamh so do mo dhaoine
Táim á dhéanamh so do mo mhuintir
Táim á dheanamh dóibh siúd a fágadh ar an dtaobh líne
Céide na Féile - cleas an estate tithíochta
Outsiders 'gus immigrants
Muintir Í Mhurchú agus Muintir Ojukwu-
Táim á dhéanamh so dosna haosánaigh
Gur cuimhin leo bheith ag maireachtaint
As 'suitcases' ag siúl síos 'staircases' ag triall ar 'no-places',
Na rappers agus skaters,táim á dhéanamh dosna 'rough kids'
atá thiar sa Chéide, mise Sruth Féile.
Cé hé tú féinig?
'Ar mo ghabháil dom trí bhaile Lios Tuathail
Ag lorg mo stuaire cailín...'
Her voice is a beautiful instrument, listen you'll see what I'm taking about Great beats, melodies. Not just a great Rap/ Hip Hop album, great album period. BetoR
Murli has been the quiet backbone of some of the most forward thinking and collaborative Hip-Hop to come out of Ireland in the last decade. From his excellent production for fellow Innovator Denise Chaila, to his own growing and largely flawless catalogue, Murli epitomises all the best aspects of Irish Hip-Hop.
TIL THE WHEELS FALL OFF IS FOR THE CHILDREN! Foxtrot McGinty
Produced on the MPC1000, “Nosthaigia” documents time spent in Thailand via regional music. Available here in an exclusive color vinyl. Bandcamp New & Notable Apr 24, 2024